1. Amiko Marko

Aibítir

28 litir atá in aibítir Esperanto: a, b, c, ĉ, d, e, f, g, ĝ, h, ĥ, i, j, ĵ, k, l, m, n, o, p, r, s, ŝ, t, u, ŭ, v, z.

Féach cosúlachtaí, agus difríochtaí ón nGaeilge thíos:

  • a mar "fear"
  • c = ts mar "agatsa"
  • ĉ = ch mar ch an Bhéarla "church"
  • e mar "feic"
  • g mar "gé"
  • ĝ mar j an Bhéarla in "judge"
  • h mar "ní hea"
  • ĥ mar ch in "loch"
  • i mar "sí"
  • j mar y, nó gh in "an ghé". aj, ej, oj, uj, seo défhoghar ina bhfuil a, e, o, u faoi seach, móide i-fhuaim ghearr. Mar sin
    • aj = mar gh in "aghaidh"
    • ej = mar éi in "béil"
    • oj = mar oi in "oigheann"
    • uj = mar úi in "misniúil".
  • ĵ = mar zh an Bhéarla in "measure"
  • o mar "mol"
  • r mar "rith", á rolladh le barr na teangan.
  • s mar "Sasana"
  • ŝ mar s in "Seán"
  • u mar ú in "plúr"
  • ŭ mar w an Bhéarla, amhail "abhaile" sa Tuaisceart. , , sin défhoghar ina bhfuil "a" nó "e" faoi seach, móide fuaim -u gearr. Mar sin
    • aŭ mar "amhail"
    • eŭ mar "e-u", fuaim ná fuil sa Ghaeilge agus atá annamh in Esperanto.

Fuaimniú

Fuaimnítear focail go díreach mar a litrítear iad, m.sh.

  • amiko = a-MÍ-co
  • ĉambro = TSEAM-bro, le fuaim ch an Bhéarla.
  • ĝi = jí, le fuaim j an Bhéarla.

Béim

I bhfocail ilsiollacha bíonn an bhéim i gcónaí ar an dara siolla ón deireadh, m.sh.

  • te-le-FO-no (te-le-FÓ-no)
  • ra-DI-o (ra-DÍ-o)
  • kaj (caigh)
  • a-MI-ko (a-MÍ-co)
  • ES-tas (ES-tas).
  • NB: AN-kaŭ (toisc gur siolla amháin é kaŭ).

Tabhair aire le focail mar historio (hi-sto-RI-o, hi-sto-RÍ-o).

Alt

Níl ach alt amháin san Esperanto,la (– *an, na). Ní athraíonn sé riamh, agus, ar nós na Gaeilge, níl aon alt éiginnte:

  • la amiko – an cara
    • amiko – cara
  • la laboro – an obair
    • laboro – obair

Forainmneacha Pearsanta

  • mi – mé
  • vi – tú
  • li – sé
  • ŝi – sí
  • ĝi – neodrach, "it" an Bhéarla
  • ni – sinn
  • vi – sibh
  • ili – siad

Úsáidtear li, ŝi, ĝi mar a úsáitear "sé, sí" sa Ghaeilge, agus "it" sa Bhéarla.

Forainmneacha Sealbhacha

Déantar iad go rialta trí a a chur leis an bhforainm pearsanta:

  • mia – mo
  • via – do, bhur
  • lia – a
  • ŝia – a
  • ĝia – a
  • nia – ár
  • ilia – a

Ainmfhocail

Críochnaíonn gach ainmfhocal in -O. Níl aon inscne ghramadaí: nuair is cuí, cuireann iarmhír an gnéas baineann in iúl.

  • tablo – bord
  • lernanto – foghlaimeoir
  • lernantino – foghlaimeoir (baineann)

Iolra

Críochnaíonn an uimhir iolra, in idir ainmfhocail is aidiachtaí, le j, a fhuaimnítear may y, m.sh

  • tabloj – boird
  • lernantoj – foghlaimeoirí
  • viaj lernantoj – do chuid foghlaimeoirí

Briathra

  1. Críochnaíonn an t-infinideach in -i, m.sh.
    • lerni – foghlaim
    • labori – oibriú
    • esti – bheith.
  2. Críochnaíonn an aimsir láithreach in -as. Is ionann é go gach pearsa agus uimhir:
    • mi sidas – suím
    • vi sidas – suíonn tú
    • ni sidas – suímid
    • ili sidas – suíonn siad.

Ĉu?

Seo mír cheisteach, a iompaíonn ráiteas ina cheist is ea/ní hea:

  • Ĉu vi sidas? – An bhfuil tú i do shuí?
  • Ĉu vi skribas? – An bhfuil tú ag scríobh? An scríobhann tú?

Kiu?

Feidhmíonn an focal seo do ("cé?") agus ("cé acu?") araon, m.sh.

  • Kiu vi estas? – Cé hé tusa?
  • Kiu instruisto sidas? – Cén múinteoir atá ina shuí/suí?

An Iarmhír -ist

Iarmhír a chiallaíonn gairm, nó duine a dhéanann gníomhaíocht áirithe go rialta, m.sh.

  • instruisto – múinteoir
  • hotelisto – óstóir
  • esperantisto – cainteoir Esperanto

An Iarmhír -in

Iarmhír a léiríonn foirm bhaineann ainmfhocail:

  • patro – athair
    • patrino – máthair
  • lernanto – dalta
    • lernantino – dalta (cailín)
  • instruisto – múinteoir
    • instruistino – múintoir mná

An Mhír Dhearfach

Is ionann fuaim agus brí do jes agus don Bhéarla "yes".

  • Ĉu vi estas en la ĉambro?
    • Jes, mi estas en la ĉambro.

An Mhír Dhiúltach

is ionann ne agus "ní hea", agus freisin "ní":

  • Ne, mi ne estas en la ĉambro.