Reklamo: Venu al la Universala Kongreso en Aŭstrio, 1–8 aŭg. 2026

Tábla na gComhghaolach

Déan staidéar ar an tábla san aguisín, agus féach cé chomh loighciúil is atá sé curtha le chéile: is féidir brí gach ceann de na 45 fhocal ann a bhaint as brí na chéad eiliminte in éineacht le brí an dara heilimint. Cuir na focail seo a leanas go háirithe de ghlan mheabhair:

  • ĉio – gach rud
  • ĉiu – gach duine
  • ĉiuj – cách (iolra)
  • ĉiam – i gcónaí
  • iom – beagán, ábhairín, saghas

Is féidir le cuid de na focail sa tábla na foircinn -j (iolra) agus -n (cuspóireach) a thógaint:

  • is féidir an foirceann -j a chur leosan a chríochnaíonn le -u agus -a
  • is féidir an foirceann -n a chur leosan a chríochnaíonn le -o, -u, -a agus -e:

Kio

  • Kio – cad
  • kion – cad (mar chuspóir)

Sampla:

  • Kion vi manĝas? Kukon mi manĝas.

Kiu

  • Kiu – cé (uatha), cé acu
  • kiun – cé (uatha), cé acu (cuspóir briathair aistrigh)
  • kiuj – cé na (iolra), cé acu de na
  • kiujn – cé na (iolra), cé acu de na (cuspóir briathair aistrigh)

Kia

Samplaí:

  • Kia estas la vetero? – Conas tá an aimsir?
  • Kian aŭton vi havas? – Cén saghas cairr atá agat?
  • Kiaj estas ŝiaj leteroj? – Cén saghas iad a cuid litreacha?
  • Kiajn fotojn vi faris? – Cén saghas grianghraf a thógais?

Kie

  • Kie – cá, cén áit (ag)
  • Kien – cá, cén áit (chuig)

Samplaí:

  • Kie mi estas? – Cá bhfuilim?
  • Kien vi iras? – Cá bhfuil tú ag dul?

Le Réamhfhocail

  • Al kiu – cé dó,
  • kun kiu – cé leis
  • al tiu – chuig an gceann sin
  • inter tiuj – eatarthu siúd

Céimeanna Comparáide

Is le pli (níos mó) a dhéantar an bhreischéim:

  • pli bona – níos fearr
  • pli granda – níos mó

TIs le plej (is mó) a dhéantar an tsárchéim:

  • plej bona – is fearr
  • plej granda – is mó

Aistrítear "ná" mar ol:

  • pli bona ol vi – níos fearr ná tusa

Leis an sárchéim, aistrítear "de" mar el:

  • La plej bona el ĉiuj – an ceann is fearr díobh go léir.

Úsáidtear Pli agus plej le dobhriathra freisin:

  • pli rapide – níos tapúla
  • plej rapide – is tapúla

Dum

Réamhfhocal ("i rith") agus cónasc ("fad is, cé go") araon is ea Dum:

  • Li sidas dum la manĝo. – Tá sé ina shuí i rith an bhéile.
  • Ŝi skribas dum li legas. – Scríobhann sise fad a léann seisean.

Ĉi

Úsáidtear an mhír ĉi le comhghaolaigh-ti chun gaire a thaispeáint. Mar chomparáid:

  • tiu – an ceann sin / tiu ĉiĉi tiu – an ceann seo
  • tie – ansin / tie ĉiĉi tie – anseo

An Iarmhír -ind

a chiallaíonn "is fiú....a dhéanamh" nó "fiú":

  • aŭskultinda – gur fiú éisteacht leis
  • leginda – inléite
  • bedaŭrinde – ar an drochuair (go litriúil: aiféala-fiú, a thuilleann aiféala)
  • nedankinde – freagra béasach ar dankon (go litriúil: ní-buíochas-fiú, ní fiú buíochas)