-u i gClásail Ainmfhoclacha
Úsáidtear an foirceann ordaitheach -u, ní hamháin (mar a chonaiceamar cheana) in orduithe díreacha agus mar sin de, ach freisin sa chaint indíreach i gclásail a thugann ke isteach tar éis briathra ag ordú, ag iarraidh, ag cur comhairle, ag cur mianta in iúl.
- Mi deziras, ke vi lernu. – Is mian liom go bhfoghlaimeofá
- La patro insistas, ke mi iru. – Éilíonn an t-athair go raghainn.
An Réamhfhocal je
Saghas fear na gcrúb is ea an réamhfhocal je. Níl aon bhrí bheacht leis, ach úsáidtear é nuair ná clúdaíonn aon réamhfhocal eile an bhrí bheacht is mian le duine a chur in iúl. I measc rudaí eile, is é an focal is gnách é chun "ar" a aistriú agus an t-am á insint.
- Je kioma horo vi venos? – Cén t-am a thiocfaidh tú?
- Je la kvina horo. – Ar a cúig a chlog.
An Briathar Farti
Seo í an úsáid is mó aige:
- Kiel vi fartas? – Conas atá tú/sibh?
An Iarmhír -et
chun laghdaigh a dhéanamh, mar "-ín/-án" na Gaeilge:
- libreto – leabhrán
- beleta – deas
- varmeta – bogthe
An Iarmhír -eg
chun breisithigh a dhéanamh,
- libr_ego_ – mórleabhar
- varmega – rí-the, ina caor thine
- belega – thar cionn, barr na háilleachta
- bonega – ar fheabhas
An Iarmhír -iĝ
a chiallaíonn "éirí":
- riĉiĝi – éirigh saibhir
- trankviliĝi – éirí suaimhneach
- resaniĝi – biseach a theacht ort, éirí sláintiúil arís
- geedziĝi – pósadh