An Diúltach
Seo mar a chuirtear an diúltach in iúl.
Nek li nek ŝi respondis. – Níor fhreagair seisean ná sise.
Vi nek sidas nek rigardas. – Níl tú i do shuí ná ag féachaint.
Mi neniam diros al iu. – Ní inseod d'éinne go deo.
Mem
Ciallaíonn Mem "féin" (mé féin, tú féin, é féin srl.) agus cuireann sé béim ar an ainmfhocal nó ar an bhforainm a leanann sé. (Mar chomparáid si, aisfhillteach, ceacht a 4.)
- Mi mem faris tion. – Mise mé féin a dhein é sin, dheineas féin é sin.
Slán…
Is iomaí slí chun "slán" a rá in Esperanto, ach seo an ceann is minicí
- ĝis la revido – go litriúil, "go dtí an athfheiscint" (Fraincis "au revoir".)
Is minicí fós adeirtear gan an t-alt é:
- ĝis revido.
An Réimír ek-
a thaispeánann
- tús gnímh, nó
- gníomh tobann, ar feadh meandair.
Samplaí:
- ekparoli – tosú ag caint
- eksilenti – titim i dtost
- eksidi – suí síos
- ekridi – pléascadh ag gáirí
An Iarmhír -aĵ
a chiallaíonn "rud nithiúil":
- manĝaĵo – bia
- trinkaĵo – deoch
- belaĵo – rud éigin álainn
- sendaĵo – rud éigin a seoladh, litir