3. En kafejo

Dobhriathra

An foirceann -e a dhéanann dobhriathra.

  • bele – go hálainn
  • forte – go láidir
  • rapida aŭto – carr tapaidh
    • veturi rapide – taisteal go tapaidh

Na Réamhfhocail per agus kun

Per - le

  • Manĝi per kulero – Ithe le spúnóg.
  • Ŝi kantis per tre bela voĉo. – Chan sí le guth an-álainn.

Kun - fara, le (le chéile le)

  • Mi iris kun la amiko. – Chuas fairis an gcara.
  • Mi parolos kun li. – Labharfad leis.

An Réamhfhocal post

post – tar éis, i ndiaidh (maidir le ham)

  • Li venis post mi. – Tháinig sé im dhiaidh (tar éis dom teacht).
  • post du horoj – i gceann dhá uair an chloig.
  • Li venos post tri horoj. – Tiocfaidh sé i gceann trí uair an chloig.
  • poste – ina dhiaidh sin, ar ball

An Réamhfhocal Malantaŭ

malantaŭ - laistiar de

  • Li venis malantaŭ mi. – Tháinig sé laistiar díom (ag siúl / ag tiomáint).

Tabhair aire don bhéim sa bhfocal seo: malantaŭ.

An Iarmhír -ul

Duine a bhfuil cáilíocht éigin aige/aici:

  • grandulo – duine mór
  • malbonulo – drochdhuine
  • belulino – bean álainn, sciamhach

An Iarmhír -ej

an áit ina dtarlaíonn rud éigin go rialta:

  • lernejo – scoil (áit don fhoghlaim)
  • kuirejo – cistin (áit don chócaireacht: kuiri – cócaireacht)
  • laborejo – áit oibre

An Iarmhír -ebl

a chiallaíonn féidearthacht:

  • manĝebla – inite, gur féidir a ithe
  • videbla – sofheicthe
  • kompreneble – sothuigthe (gan amhras)
  • eble – b'fhéidir
  • malebla – dodhéanta

An Modh Ordaitheach

Críochnaíonn ordú le -u.

  • Manĝu! – Ith!
  • Iru! – Imigh! Ar aghaidh leat!

Uaireanta téann ainmní leis:

  • Li lernu! – Foghlaimíodh sé!
  • Ni vidu. – Féachaimis!