4. Miaj leteroj

Uimhreacha

Tá na huimhreacha san aguisín. Cruthaítear uimhreacha níos airde trí bhunuimhreacha a chomhcheangal mar seo a leanas:

  • 1 238 – mil du-cent tri-dek ok
  • 153 837 – cent kvin-dek tri mil ok-cent tri-dek sep
  • Addition: 8 + 3 = 11 – ok plus tri estas dek-unu
  • Subtraction: 15 - 6 = 9 – dek-kvin minus ses estas naŭ

Cúspóireach don Ghluaiseacht i dTreo

An tuiseal ainmneach a leanann réamhfhocail in Esperanto de ghnáth:

  • post mi – im dhiaidh
  • sen ŝi – gan í
  • en domo – i dteach

Mar sin féin, réamhfhocail a dhéanann cur síos ar áit, leanann an cuspóireach iad chun gluaiseacht i dtreo a thaispeáint, m.sh.

  • Mi iras en la domon. – Táim ag dul isteach sa teach.
  • (Comparáid: Ili manĝas en la domo. – Tá siad ag ithe sa teach.)

Sampla eile:

  • La kato saltis sur la tablon. – Léim an cat suas ar an mbord.
  • La kato saltis sur la tablo. – Bhí an cat ag léim timpeall ar an mbord.

An Forainm oni

Freagraíonn an forainm oni do bhriathar saor na Gaeilge

Samplaí:

  • Oni manĝas. – Táthar ag ithe.
  • Oni sidas. – Táthar ina suí.

An Forainm aisfhillteach si

Tagraíonn si (cuspóireach *sin) siar d'ainmní an chlásail:

  • é féin
  • í féin
  • iad féin

Samplaí:

  • Li lavas sin. – Níonn sé é féin.
  • Ŝi rigardas sin. – Féachann sí uirthi féin.
  • Ili kantas al si. – Tá siad ag canadh leo féin.

Ní úsáidtear si ach don tríú pearsa. Ní bhíonn sé riamh ina ainmní abairte. Mar chomparáid:

  • Mi rigardas min. – Féachaim orm féin.
  • Ili rigardas sin. – Féáchann siad orthu féin.

An Réimír re-

Ciallaíonn sé

  • "arís, an dara huair"
  • nó "ar ais".

Samplaí:

  • revidi – a fheiscint arís
  • redoni – a thabhairt ar ais
  • remeti – cur ar ais