Dobhriathra
An foirceann -e a dhéanann dobhriathra.
- bele – go hálainn
- forte – go láidir
- rapida aŭto – carr tapaidh
- veturi rapide – taisteal go tapaidh
Na Réamhfhocail per agus kun
Per - le
- Manĝi per kulero – Ithe le spúnóg.
- Ŝi kantis per tre bela voĉo. – Chan sí le guth an-álainn.
Kun - fara, le (le chéile le)
- Mi iris kun la amiko. – Chuas fairis an gcara.
- Mi parolos kun li. – Labharfad leis.
An Réamhfhocal post
post – tar éis, i ndiaidh (maidir le ham)
- Li venis post mi. – Tháinig sé im dhiaidh (tar éis dom teacht).
- post du horoj – i gceann dhá uair an chloig.
- Li venos post tri horoj. – Tiocfaidh sé i gceann trí uair an chloig.
- poste – ina dhiaidh sin, ar ball
An Réamhfhocal Malantaŭ
malantaŭ - laistiar de
- Li venis malantaŭ mi. – Tháinig sé laistiar díom (ag siúl / ag tiomáint).
Tabhair aire don bhéim sa bhfocal seo: malantaŭ.
An Iarmhír -ul
Duine a bhfuil cáilíocht éigin aige/aici:
- grandulo – duine mór
- malbonulo – drochdhuine
- belulino – bean álainn, sciamhach
An Iarmhír -ej
an áit ina dtarlaíonn rud éigin go rialta:
- lernejo – scoil (áit don fhoghlaim)
- kuirejo – cistin (áit don chócaireacht: kuiri – cócaireacht)
- laborejo – áit oibre
An Iarmhír -ebl
a chiallaíonn féidearthacht:
- manĝebla – inite, gur féidir a ithe
- videbla – sofheicthe
- kompreneble – sothuigthe (gan amhras)
- eble – b'fhéidir
- malebla – dodhéanta
An Modh Ordaitheach
Críochnaíonn ordú le -u.
- Manĝu! – Ith!
- Iru! – Imigh! Ar aghaidh leat!
Uaireanta téann ainmní leis:
- Li lernu! – Foghlaimíodh sé!
- Ni vidu. – Féachaimis!