2. La amikino de Marko

Aidiachtaí

Is le -a a chríochnaíonn aidiachtaí, m.sh.

  • bela – álainn
  • granda frato – deartháir mór
  • malgranda fratino – deirfiúr beag

Tuisil

Dhá thuiseal atá san Esperanto, ainmneach agus cuspóireach. Taispeánann an cuspóireach an cuspóir atá ag briathar aistreach (an duine nó an rud a mbíonn tionchar ag gníomh an bhriathair air).

  • Kiun mi vidas? – Cén duine a chím?
  • Mi vidas amikon – Chím cara.

Ní úsáidtear an cuspóireach tar éis an bhriathair "bheith".

Aontaíonn aidiachtaí leis na hainmfhocail a cháilíonn iad: is ionann na foircinn -j agus -n a thógaid.

  • Vi estas bona amiko – Is cara maith tú.
  • Vi estas bonaj amikoj – Is cairde maithe sibh.
  • Vi havas bonan amikon – Tá cara maith agat.
  • Vi havas bonajn amikojn – Tá cairde maithe agat/agaibh.

Is le réamhfhocail a chuireann Esperanto tuisil eile in iúl. Freagraíonn de do thuiseal ginideach na Gaeilge:

  • La libroj de mia frato. – Leabhair mo dhearthár.

Réimniú

Bunfhoirm: -i

  • labori – oibriú

Aimsir láithreach: -as

  • mi laboras – Oibrím.
  • vi laboras – Oibríonn tú.
  • li/ŝi laboras – Oibríonn sé/sí.
  • ni laboras – Oibrímid.
  • ili laboras – Oibríonn siad.

Aimsir chaite: -is

  • mi laboris – D'oibríos.
  • vi laboris – D'oibrís.
  • li/ŝi laboris – D'oibrigh sé/sí.
  • ni laboris – D'oibríomar.
  • ili laboris – D'oibríodar.

Future tense: -os

  • mi laboros – Oibreod.
  • vi laboros – Oibreoidh tú.
  • li/ŝi laboros – Oibreoidh sé/sí.
  • ni laboros – Oibreoimid.
  • ili laboros – Oibreoidh siad.

An cónasc ke

a úsáidtear chun clásal ainmfhoclach a chur i láthair.

De ghnáth bíonn camóg roimhe, ar nós na Gearmáinise.

Samplaí:

  • Vi vidas, ke mi manĝas. – Chíonn tú go bhfuilim ag ithe.
  • Li diras, ke li iros. – Deir sé go raghaidh sé.

An réimír mal-

a thugann malairt brí d'fhocal.

  • bona – maith
    • malbona – old
  • granda – mór
    • malgranda – beag
  • bela – álainn
    • malbela – gránna

An réimír ge-

a thaispeánann an dá ghnéas le chéile:

  • gefratoj – deartháireacha agus deirfiúracha
  • gepatroj – tuismitheoirí

Nathanna béasacha

  • bonvolu – le do thoil, le bhur dtoil
  • dankon – go raibh maith agat/agaibh
  • saluton – Dia dhuit/dhaoibh

Ord na bhfocal

Gnáth-ord na bhfocal san abairt, sin ainmní-briathar-cuspóir, ar nós an Bhéarla. Mar sin féin, ós rud é go léiríonn an foirceann -n cad é an cuspóir, is féidir ord na bhfocal a athrú chun críche stíle nó pragmatacha, ar nós na Gaeilge, agus i bhfad níos solúbtha in Esperanto ná mar atá sa Bhéarla.

  • Mi legas libron. – Táim ag léamh leabhair.
  • Libron mi legas. – Leabhar atá á léamh agam.

Kio, Kion

Kio sin "cad", mar ainmní na habairte:

  • Kio estas tio? – Cad é sin?
  • Kio estas sur la tablo? – Cad atá ar an mbord?

Nuair is cuspóir an bhriathair é "cad", úsáidtear Kion san Esperanto:

  • Kion vi faras? – Cad atá á dhéanamh agat?
  • Kion ŝi diris? – Cad adúirt sí?